Polasaí Eatramhach do Sholáthar Seirbhísí agus Faisnéise i nGaeilge

1.0 INTREOIR

1.1 Cúlra

Le haghaidh riarachán a fheidhmeanna, is é an Béarla príomhtheanga an ÚO. 

Aithnítear san ÚO ár bhfreagrachtaí faoi; 

  • An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh 
  • Creat-choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta; 
  • An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; 
  • Airteagail 19 agus 27 den Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

Is gnéithe lárnacha iad na soláthairtí seo maidir le teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn.

Is cuí go léirítear meas agus cúirtéis, ní hamháin do gach uile dhuine, ach dá dteanga fosta agus aithnítear san Údarás Oideachais an Ghaeilge mar léiriú ar shaibhreas cultúrtha Thuaisceart Éireann. 

1.2 Cuspóir

Is é is cuspóir don Pholasaí Eatramhach seo do Sholáthar Seirbhísí agus Faisnéise i nGaeilge (an Polasaí) ná cuidiú le hoifigigh de chuid an Údaráis Oideachais (ÚO) cinntí a dhéanamh i dtaca le soláthar seirbhísí agus faisnéise i nGaeilge, agus socruithe dóibh siúd atá ag iarraidh idirghníomhú leis an ÚO trí Ghaeilge. 

Féadfar go ndéanfar an Polasaí seo a nuashonrú / nó go gcuirfear ceann nua ina áit tar éis Coimisinéir Gaeilge a cheapadh, de bharr an an Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann), an chomhaontaithe pholaitiúil Ré Nua Cur Chuige Nua, agus fhoilsiú na gCaighdeán Gaeilge d’Údaráis Phoiblí agus na dTreoracha lena mbaineann, de réir mar a bhaineann siad leis an Údarás Oideachais.

Leis an Pholasaí seo féachtar lena chinntiú go leagfar síos go daingean cleachtais leanúnacha i dtaca le cumarsáid i nGaeilge agus tabharfar tacaíocht d’oifigigh agus iad ag déanamh breithiúnas i gcomhréir le chéile ar sholáthar faisnéise agus seirbhísí trí Ghaeilge. 

2.0 RAON AN PHOLASAÍ, AN NÓS IMEACHTA, NA TREORACH, NÓ AN PHRÓTACAIL

Tá dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais forbairt na Gaelscolaíochta “a spreagadh agus a éascú” agus leis an dualgas seo ceanglaítear ar an Roinn Oideachais agus ar Chomhlachtaí Páirtspleácha eile tacú leis an dualgas seo a chomhlíonadh. Cuirtear Gaelscolaíocht ar fáil trí roinnt ‘Gaelscoileanna neamhspleácha’ idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Tá formhór na nGaelscoileanna sin sa chatagóir ‘Deonach agus faoi Chothabháil’, agus tá líon beag acu díreach faoi bhainistiú an ÚO, mar scoileanna rialaithe. Cuirtear Gaelscolaíocht ar fáil agus trí Aonaid Lán-Ghaeilge atá ceangailte le scoileanna Béarla. Tá an chuid is mó díobh á mbainistiú ag Comhairle na Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil (CCMS), toisc go bhfuil siad ceangailte le scoileanna CCMS.  Tá ceann amháin ceangailte le Scoil Ghramadaí Dheonach.

Tá réimse leathan tacaíochtaí a gcur ar fáil ag an ÚO faoi láthair do na Gaelscoileanna agus d’Aonaid ar fad trasna na Stiúrthóireachtaí ar fad.

Tagraíonn an Polasaí seo do Sheirbhísí Corparáideacha an ÚO agus ní chlúdaíonn sé soláthar Gaeilge sa churaclam ná sna scoileanna. Tá socruithe ar leith do sholáthar Gaeloideachais, taobh amuigh de raon an doiciméid seo. 

3.0 RÓIL AGUS FREAGRACHTAÍ

Tá an Cathaoirleach, an Príomhfheidhmeannach agus Baill den Bhord freagrach as feidhmíocht fhoriomlán an ÚO. Cúrsaí comhionannais, dea-chaidrimh agus cearta an duine, is gnéithe lárnacha don fhreagracht seo iad agus don chomhlíonadh freagrachtaí rialachais.

3.1.         Tá an Príomhfheidhmeannach freagrach don Bhord as an Pholasaí Eatramhach

            don Ghaeilge a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a chothabháil agus a athbhreithniú.

3.2.       Tá baill den Fhoireann Ceannaireachta Corparáidí freagrach as:

  • gealltanas a thabhairt don Bhord; agus
  • gealltanas a lorg go bhfuil an Polasaí Eatramhach don Ghaeilge á chur i bhfeidhm i gceart.

3.3         Stiúrthóirí freagrach as:

  • a chinntiú go bhfuil oiliúint curtha ar threoiroifigigh pholasaí; agus
  • gealltanas a thabhairt don Phríomhfheidhmeannach agus don Bhord go bhfuil cinntí ina réimse freagrachta déanta de réir an pholasaí seo.

3.4        Tá Stiúrthóirí Cúnta agus Ceannairí Seirbhíse freagrach as:

  • a chinntiú go bhfuil an fhoireann go léir ar an eolas faoin pholasaí agus a riachtanais;
  • a chinntiú go dtabharfaidh foireann ábhartha faoi oiliúint, de réir mar is cuí; agus
  • Gealltanas a thabhairt do Stiúrthóirí go bhfuil cinntí ina réimse freagrachta déanta de réir an pholasaí seo. 

3.5         Foireann an Aonaid Comhionannais freagrach as:

  • deis a thabhairt d’oifigigh de chuid an ÚO freastal ar oiliúint dírithe;
  • tacaíocht, comhairle agus treoir a thabhairt do threoiroifigigh pholasaí i dtaca leis an pholasaí a chur i bhfeidhm;
  • faireachán a dhéanamh ar cé chomh héifeachtach agus atá an polasaí trí aiseolas; agus
  • aistriú doiciméad go Gaeilge a bainistiú

3.6.      Tá an fhoireann ar fad freagrach as:

  • a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoin méid atá sa pholasaí; agus 
     
  • an polasaí a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre. 

4.0 IMPLEACHTAÍ OIBRÍOCHTÚLA AN PHOLASAÍ EATRAMHAIGH DON GHAEILGE

4.1. Ainmneacha Pearsanta

Tá daoine i dteideal de réir dlí ainm ar bith is mian leo a ghlacadh, agus más rud é go n-aithnítear iad go ginearálta faoin ainm sin, tá sé bailí chun críocha aitheantais maidir le seirbhísí an ÚO.

Ní mór don fhoireann meas a thabhairt do mhianta ár gcustaiméirí ar fad, agus a gcomhghleacaithe, go n-aithnítear iad faoina ngnáthainm, bíodh sé i mBéarla nó i nGaeilge.   

Má thugann duine ainm i nGaeilge, déanann an fhoireann gach iarracht an t-ainm sin a fhuaimniú agus / nó a scríobh i gceart.  Má tá deacracht ag an fhoireann le hainm aon duine a litriú nó a fhuaimniú, fiafrófar den duine sin cuidiú leo. 

Má creideann oifigeach go raibh an leagan Béarla den ainm úsáidte roimh ré ag duine, seans go bhfiafrófar den duine sin an mian leis/léi go n-aithnítear é/í faoin leagan Gaeilge den ainm sin. Ba chóir iarracht a dhéanamh lena chinntiú nach ndéantar dúbláil i mBéarla agus i nGaeilge araon ar an ainm agus ba cheart an t-ainm is fearr le duine a úsáid. Tá cead ag an fhoireann taifead a choinneáil den dá leagan. 

Go hachomair, is féidir le daoine úsáid a bhaint as cibé leagan dá n-ainm a roghnaíonn siad agus níor chóir an ceart seo a cheistiú. Ba chóir gach iarracht a dhéanamh le hainm daoine a litriú agus a fhuaimniú i gceart. 

4.2. Seoltaí

Foráiltear leis an Ordú Rialtais Áitiúil (Soláthairtí Ilghnéitheacha) (Tuaisceart Éireann) 1995 gur féidir le Comhairle Ceantair leagan d’ainm sráide a chur i teanga eile chomh maith le Béarla. 

Nuair atá ainm sráide Gaeilge úsáide ag duine i gcomhfhreagras nó i bhfoirmeacha oifigiúla agus an duine sin ag cur isteach ar sheirbhísí arna gcur ar fáil ag an ÚO, úsáidfidh an fhoireann an leagan Gaeilge agus iad ag próiseáil foirmeacha nó ag freagairt comhfhreagrais. 

Coinneofar leagan Gaeilge agus leagan Béarla araon den seoladh ar taifead.

Nuair atá tríú páirtí i gceist, mar shampla, An Oifig Post agus Sochar, le stádas úsáideora seirbhíse a dheimhniú, is féidir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla den seoladh sráide a thaispeáint. 

4.3. Comhfhreagras 

Glacfaidh an tÚdarás Oideachais le comhfhreagras scríofa i nGaeilge. Eiseofar admháil i nGaeilge taobh istigh de dhá lá oibre. 

Is í an tréimhse chaighdeánach don ÚO le haghaidh comhfhreagras a fhreagairt ná taobh istigh de dheich lá oibre, mura bhfuil tuilleadh ama de dhíth de bharr chastacht na freagartha.

Agus an gá leis an fhaisnéis a bheith aistrithe á chur san áireamh, eiseofar freagairt shubstainteach i nGaeilge taobh istigh de 15 lá oibre, mura bhfuil tuilleadh ama de dhíth, sa chás sin, cuirfear an t-úsáideoir seirbhíse in iúl, i nGaeilge gurb amhlaidh an cás.

4.4. Scairteanna gutháin agus glórphoist

Má thosaíonn custaiméir comhrá i nGaeilge ar an ghuthán, na baill foirne a bhfuil Gaeilge acu, déanfaidh siad an scairt i nGaeilge. 

Mura labhraíonn baill foirne Gaeilge nó nach bhfuil tuiscint go leor acu ar an chomhrá, tabharfar an rogha don úsáideoir seirbhíse leanúint ar aghaidh leis an chomhrá i mBéarla. Más rud é, áfach, gurb fhearr le húsáideoirí seirbhíse leanúint leis an scairt i nGaeilge, tabharfar na roghanna seo a leanas dóibh: 

(i)                Fiafrófar daoibh ar mhaith leo a bheith aistrithe go glórphost mar ar féidir leo teachtaireacht a fhágáil. Déanfaidh oifigeach cuí iarracht teagmháil a dhéanamh leis an úsáideoir seirbhíse taobh istigh de thrí lá oibre tar éis don teachtaireacht a bheith fágtha. Ba chóir a chur in iúl don úsáideoir seirbhíse, go bhféadfaí gur gá leanúint ar aghaidh leis an chomhrá i mBéarla cé go ndéanfaidh muid ár ndícheall scairt a chur ar ais agus ár ngnó a dhéanamh i nGaeilge. 

(ii)               Dá mb’fhearr leo, is féidir le húsáideoirí seirbhíse scríobh chuig an Údarás Oideachais. Admhófar an comhfhreagras, agus tabharfar freagairt dóibh i nGaeilge. Tá sé mar sprioc ag an Údarás Oideachais freagairt a thabhairt do chomhfhreagras ar fad taobh istigh de 2 lá oibre agus freagairt mhionsonraithe a thabhairt taobh istigh de dheich lá oibre. Seans go síneofar an tréimhse seo go 15 lá oibre agus an comhfhreagras á aistriú. 

4.5. Cruinnithe aghaidh ar aghaidh

Má thosaíonn an t-úsáideoir seirbhíse a labhairt i nGaeilge le fostaí de chuid an ÚO agus mura bhfuil Gaeilge ná tuiscint ar an chomhrá ag an fhostaí sin, cuirfear in iúl é agus tabharfar na roghanna seo a leanas don úsáideoir seirbhíse: 

  • Leanúint ar aghaidh leis an chomhrá i mBéarla; 
  • Scríobh chuig an Údarás i nGaeilge; nó 
  • Coinne a shocrú.

 Dá mb’fhearr leis an úsáideoir seirbhíse a ghnó a dhéanamh i nGaeilge agus má roghnaíonn sé/sí coinne a shocrú, go hiondúil*, ba chóir ateangaire a chur ar fáil. Is féidir é seo a shocrú tríd an Aonad Comhionannais (equality.unit@eani.org.uk

*Is féidir díolúine a bheith ann le linn gníomhartha earcaíochta i dtaca le hateangaire a sholáthar i gcásanna ina bhfuil gá le scileanna cumarsáide Béarla an iarrthóra a thástáil. 

4.6. Aistriúcháin

Ar aon dul le fuarlitir agus le spiorad na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, aistreoidh an tÚdarás Oideachais doiciméid go Gaeilge. 

Aithnítear gur teoranta an fháil ar aistritheoirí Gaeilge agus mar sin de, seans go mbeadh tionchar aige sin ar an méid ama a thógtar le haistriúcháin a chur ar fáil. Seans go dtógfaí suas le 2 sheachtain chun doiciméid a aistriú go Gaeilge, rud a bhraitheann ar cé chomh casta is atá na hábhair. Do dhoiciméid níos simplí, amhail freagairt ar chomhfhreagras, seans go dtógfaí suas le 5 lá oibre. 

Bíodh sin mar atá, ní mór d’oifigigh an ÚO soláthar a gcuid oibre a phleanáil go héifeachtach de réir na gcreatlach aitheanta le haghaidh aistriúcháin a sholáthar ag an tús agus, mar sin de, déanfaidh siad a ndícheall aistriúcháin a chur ar fáil ag an tús, gan iad a iarraidh, i gcásanna ina meastar iad a bheith cuí.  

Cuirfear an tÚO aistriúcháin ar fáil ar an bhonn seo a leanas:

  • Aon chomhfhreagras a fuarthas i nGaeilge, admhófar i nGaeilge é, (trí admháil chaighdeánach a úsáid) agus tabharfar freagairt dó i nGaeilge. Seans go dtógfaí suas le 15 lá chun freagairt fhoriomlán a chur ar fáil. 
     
  • Déanfar aistriúchán ag an tús go Gaeilge ar dhoiciméid de chuid an ÚO roimh a bhfoilsiú, ar doiciméid chomhairliúcháin iad, mar shampla, a bhfuil baint dhíreach acu leis an Ghaelscolaíocht nó le Seirbhísí Óige trí mheán na Gaeilge.
     
  • Déanfar aistriúchán ag an tús go Gaeilge ar dhoiciméid de chuid an ÚO roimh a bhfoilsiú, ar doiciméad iad nach bhfuil baint dhíreach acu leis an Ghaelscolaíocht nó le Seirbhísí Óige trí Mheán na Gaeilge, ach a mbeidh tionchar suntasach acu ar na seirbhísí sin.
     
  • Déanfar aistriúchán ag an tús go Gaeilge ar dhoiciméid nó ar acmhainní de chuid an ÚO roimh a bhfoilsiú, ar doiciméad nó acmhainní iad a chuirtear ar fáil le haghaidh daoine óga, mar shampla acmhainní le húsáid i scoileanna le daoine óga. Cuimsíonn sé seo ábhair béil, mar shampla, físeáin faisnéise. Tá sé seo ar aon dul le tacú le heispéireas tumoideachais daoine óga sa Ghaelscolaíocht.
     
  • Aistreofar go Gaeilge codanna tábhachtacha d’fhaisnéis a bhaineann le feidhmeanna corparáideacha an ÚO, agus cuirfear ar shuíomh idirlín an ÚO iad, taobh le Béarla. Mar shampla, an dóigh le teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Oideachais nó an dóigh le moladh a thabhairt nó gearán a dhéanamh. 
     
  • Maidir leis an fhaisnéis eile uilig, aon iarratas ar aistriúcháin ar dhoiciméad nó ar acmhainní ó Bhéarla go Gaeilge, déanfar plé air de réir an chritéar thuas.

Bainistíonn an tAonad Comhionannais aistriúcháin go lárnach. Le haistriúchán a iarraidh ba chóir d’Oifigigh ríomhphoist a sheoladh chuig equality.unit@eani.org.uk 

4.7. Oiliúint agus Feasacht Foirne 

Tá oiliúint foirne ar an Ghaeilge ar fáil don fhoireann mar chuid den chlár bliantúil oiliúna ón Aonad Comhionannais agus Éagsúlachta. Tá an fhoireann ar fad incháilithe do thabhairt faoin oiliúint, agus is oiliúint í nach bhfuil éigeantach.

San oiliúint seo: 

  • tá an creatlach dlí le haghaidh na Gaeilge (Alt 75 san áireamh); 
  • achoimre ar Chultúr na hÉireann 
  • achoimre ar an Ghaelscolaíocht
  • ról an ÚO agus comhlachtaí eile na hearnála, amhail Comhairle na Gaelscolaíochta
  • an Ghaeilge; struchtúr, eochairfhrásaí agus fuaimniú

Beidh an oiliúint suite i seomra ranga (nó beidh sé fíorúil) agus maireann sí 2.5 uair a bheag nó a mhór. 

Le tuilleadh faisnéise a fháil ar an oiliúint, déan teagmháil le equality.unit@eani.org.uk le do thoil.  

Dóibh siúd san fhoireann ar mian leo níos mó oiliúna a fháil, tá modúl ríomhfhoghlama ar líne ar fáil, a chlúdaíonn 

  • struchtúr bunchomhrá
  • frásaí
  • an teanga go ginearálta

Má tá baint dhíreach ag an fhoireann le seirbhísí a chur ar fáil do Ghaelscoileanna nó le seirbhísí óige, táthar ag súil leis go dtabharfaidh bainisteoirí líne roinnt ama don fhoireann chun dul faoin oiliúint seo. Mura bhfuil baint dhíreach ag an fhoireann le seirbhísí a chur ar fáil do Ghaelscoileanna nó le seirbhísí óige, tá sé faoi bhainisteoirí líne féin cé acu a dtabharfadh siad roinnt ama don fhoireann chun dul faoin oiliúint seo nó nach dtabharfaidh. 

Dóibh siúd san fhoireann a bhfuil suim acu san oiliúint, is féidir rochtain a fháil uirthi seo ag am ar bith, taobh istigh de na gnáthuaireanta oibre. 

Ó ham go chéile ardófar feasacht ar an Ghaeilge, i dtaca leis an dóigh a mbaineann sí leis an Ghaelscolaíocht agus le Seirbhísí an ÚO trasna bhealaí cumarsáide an ÚO agus go hinmheánach i measc na foirne. 

4.8. Polasaí agus cinnteoireacht  

Agus cinntí a ndéanamh faoi fhorbairt seirbhísí nó pleanáil straitéiseach, déanfaidh oifigigh plé ar an tionchar a bheith ag cinntí ar bith ar sholáthar Sheirbhísí Gaelscolaíochta. Bainisteofar sé seo trí pholasaí an ÚO um phróiseas scagtha.  

De bharr Scéim Comhionannais an ÚO tá guth na bpáistí agus na ndaoine óga i gcroílár na cinnteoireachta.  I measc an phróisis rannpháirtíochta le haghaidh daoine óga a mhealladh, beidh rannpháirtíocht éascaithe struchtúrtha le páistí agus le daoine óga a bhfuil Gaeilge acu. 

5.0 CUR I BHFEIDHM

5.1 Scaipeadh

Tá an polasaí eatramhach seo d’fhoireann Sheirbhísí Corparáideacha ar fad an ÚO. 

Tá Stiúrthóirí Cúnta agus Ceannairí Seirbhíse freagrach as a chinntiú go scaiptear agus go dtuigtear an Polasaí Eatramhach taobh istigh dá réimsí seirbhíse. 

Is féidir scaipeadh a dhéanamh tríd na bealaí seo a leanas (níl an liosta seo uileghabhálach): 

  • cuimsiú i gcruinnithe faisnéise foirne; 
  • an cheist a ardú ag cruinnithe foirne;
  • Cumarsáid chorparáideach an ÚO; agus
  • Suímh inlín agus suímh idirlín an ÚO.

5.2 Eisceachtaí

Tagraíonn an polasaí seo do Sheirbhísí Corparáideacha an ÚO agus ní chlúdaíonn sé soláthar Gaeilge sa churaclam ná sna scoileanna. Tá socruithe ar leith do sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge, taobh amuigh de raon an doiciméid seo.

6.0 FAIREACHÁN

Déanfar faireachán ar an Pholasaí Eatramhach seo agus déanfaidh an tAonad Comhionannais athbhreithniú leanúnach air. Dá mbeadh sé deacair cuid ar bith den pholasaí seo a chur i bhfeidhm, ba chóir aiseolas a chur chuig an Aonad Comhionannais ag equality.unit@eani.org.uk 

7.0 PRÓISEAS COMHAIRLIÚCHÁIN

Rinneadh comhairliúchán ar an pholasaí seo mar chuid de bheart caidrimh agus comhairliúcháin dírithe ar pháirtí leasmhara lena mbaineann. 

8.0 RÁITEAS COMHIONANNAIS

De réir dhualgas an Údaráis faoi Alt 75 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998 tá beart scagtha déanta.  Tá cóip den teimpléad scagtha ar fáil ar shuíomh gréasáin an ÚO: www.eani.org.uk 

9.0 ACHT UM CHOSAINT SONRAÍ 2018

De réir dhualgais an Údaráis faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018, an fhaisnéis phearsanta agus an fhaisnéis íogair ar fad arna próiseáil, riarfar an fhaisnéis uile sin de réir dhualgais na nÚdarás faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Tá ceangal ar an ÚO cloí le hAcht um Chosaint Sonraí 2018 agus leis an Rialachan Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus faisnéis phearsanta á phróiseáil. Ta Fógraí Príobháideachais foilsithe go mion againn ar ár suíomh gréasáin www.eani.org.uk/privacy, áit a bhfuil tuilleadh eolais le fáil ar an dóigh a ndéanann an tÚO faisnéis phearsanta a phróiseáil mar aon le mionsonraí ar an dóigh ar féidir teagmháil a dhéanamh linn má tá aon cheist agat.

Last updated: 14/11/2022